Éilímid An Ceart chun Tithíochta! Anois agus Choíche





Feicimid agus braithimid é gach lá: oibrithe nach bhfuil sé d'acmhainn acu íoc a thuilleadh as an gcathair a thóg siad, daoine óga nach bhfuil in ann teach a dtuismitheoirí a fhágáil, tionóntaí á mbrú amach as a gceantar féin tar éis an athchóirithe, foirgnimh fholmha agus daoine ina gcodladh ar an tsráid. Sa mhargadh tithíochta atá ann faoi láthair, tugtar tús áite don bhrabús, ní do na daoine ná don phláinéad.

Tá ár dtithe folamh, briste agus daor. Réitímis é!

Ach ní gá do rudaí a bheith mar sin: tá na foirgnimh ann. Díreach mar atá na cineálacha cur chuige ann chun iad a dhéanamh inrochtana agus inacmhainne go buan. Is éard atá in easnamh ná na rialacha le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm i ngach áit iad. Éilíonn an tionscnamh seo go dtabharfar Ceart chun Tithíochta: cuir stop leis an amhantraíocht, cinntigh inacmhainneacht fhadtéarmach, athchóirigh tithe folmha, cuir borradh faoi ráta na n-athchóirithe, cuir an ceart chun fanacht ar bun, déan infheistiú i ndaoine – agus bunaigh Gníomhaireacht Tithíochta de chuid an AE chun na cúrsaí seo go léir a chomhordú.

Is féidir le 1.2 milliún síniú dlí an AE a athrú: anois agus choíche!

Is Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh é seo – uirlis dhaonlathach a ligeann do shaoránaigh an AE ábhar a chur ar chlár oibre polaitiúil an AE agus gníomh a éileamh. Má shíníonn 1 mhilliún duine ar fud an AE – más níos mó é, is fearr fós – tá dualgas ar an gCoimisiún Eorpach freagra a thabhairt. Tosnaíonn bailiúchán na sínithe i Meán Fómhair 2026.



Tabhair cuairt ar leathanach clárúcháin an TES

Tá an tionscnamh seo á eagrú ag gluaiseacht daoine agus eagraíochtaí atá ag fás ar fud na hEorpa. Le chéile, táimid ag tógáil an chomhaontais a bhaileoidh 1.2 milliún síniú. Ar mhaith leat a bheith páirteach ann?

Tá tithe an lae amárach tógtha cheana féin. Bainimis úsáid as a bhfuil againn agus tugaimis teach don Eoraip!